46. Agus labhair Pól agus Barnabas go dána neamh-eaglach, agus ar siadsan, “Bhí sé riachtanach briathar Dé a labhairt libhse ar dtús. Ach ó cuireann sibh uaibh é, agus ó measann sibh nach fiú sibh an bheatha shíoraí a fháil, féachaigí, seo ag tabhairt aghaidh ar na Gintlithe sinn.
47. Mar tá ordaithe ag an Tiarna dúinn sin a dhéanamh, á rá,‘Chuir mé thú mar sholas ag na Gintlithe,ionas go dtuga tú an slánú go dtí an ceann is faide uainn den domhan.’”
48. Ach nuair a chuala na Gintlithe é, bhí lúcháir orthu agus thug siad glóir do bhriathar Dé; agus chreid an méid acu a bhí ordaithe chun na beatha síoraí.
49. Agus leathnaigh briathar Dé ar fud na críche.
50. Ach shéid na Giúdaigh faoi mhná céimiúla cráifeacha agus faoi phríomhfhir na cathrach, agus d'adhain siad géarleanúint in aghaidh Phóil agus Bharnabais, gur chuir tóir orthu as na críocha sin.
51. Ach is é rud, chroith siad deannach a gcos uathu ina n‑éadan, agus thug siad Icónium orthu féin.