Gníomhartha 12:1-7 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. Ba faoin am úd a fuair an rí Iorua cuid de bhaill na heaglaise ina chrúba agus a thug sé drochíde dóibh.

2. D'imir sé bás ar Shéamas deartháir Eoin leis an gclaíomh;

3. agus nuair a chonaic sé gur thaitin sin leis na Giudaigh, rinne sé Peadar a ghabháil freisin. Tharla sin in am laethanta an Aráin gan Laibhín.

4. Nuair a bhí sé gafa aige, chaith sé i bpríosún é, agus chuir sé ceithre cheathrar saighdiúirí mar gharda air, gach ceathrar ar a seal, agus é ar intinn aige a thabhairt amach chuig na daoine i ndiaidh na Cásca.

5. Bhí Peadar mar sin faoi choimeád sa phríosún; ach bhí an eaglais ag guí Dé go dian dúthrachtach ar a shon.

6. An oíche roimh an lá sin a raibh Iorua ar tí a thabhairt amach, bhí Peadar ina chodladh idir beirt shaighdiúir, agus dhá shlabhra á cheangal, agus na coimeádaithe os coinne na ndoirse agus iad ag coimeád an phríosúin;

7. agus b'shiúd aingeal ó Dhia á nochtadh, agus an solas ag lonradh sa chillín, agus bhuail sé bos ar thaobh Pheadair á mhúscailt, agus dúirt sé leis, “Éirigh i do shuí go tapaidh,” agus thit na slabhraí dá lámha.

Gníomhartha 12