25. Nuair a tháinig Peadar isteach chun tí aige, chuaigh Cornélius ina airicis agus thit sé ag a chosa á adhradh.
26. Ach thóg Peadar é, á rá, Éirigh i do sheasamh; níl ionam ach duine mar tú féin.
27. Agus chuaigh sé ar aghaidh agus é ag caint leis, agus nuair a bhí sé istigh chonaic sé cruinniú mór daoine ann;
28. agus dúirt sé leo, “Tá a dhea-fhios agaibh féin cad é chomh dian agus a chrosann a dhlí ar Ghiúdach cuideachta a choinneáil nó cuairt a thabhairt ar dhuine de chine eile; ach tá Dia tar éis a fhoilsithe dom nach cóir dom salach ná neamhghlan a thabhairt ar aon duine beo.
29. Mar sin nuair a cuireadh fios orm, tháinig mé gan cur ina éadan. Táim ag fiafraí díbh mar sin cad chuige ar chuir sibh fios orm.”
30. Agus dúirt Cornélius, “Ceithre lá ó shin, i dtrátha an ama seo de lá, bhí mé ag coinneáil an naoú huair, uair na hurnaí, i mo theachsa; agus b'shiúd an fear in éadaí solasta ina sheasamh romham,
31. á rá, ‘A Chornélius, éisteadh le d'urnaí agus cuimhníodh ar do dhéirc i láthair Dé.
32. Cuir teachtairí uait mar sin go hIoppa ar thuairisc Shíomóin dá ngairtear Peadar; tá sé ar lóistín i dteach Shiomóin an súdaire ar chladach na farraige.’
33. Chuir mé fios ort mar sin gan mhoill, agus is maith an mhaise duit é teacht chugam. Táimid uile go léir i láthair anseo agus Dia ag amharc orainn, le héisteacht lenar ordaigh an Tiarna duit.”
34. Agus d'oscail Peadar a bhéal agus dúirt sé, “Scéal fíor é go bhfuil sé tuigthe agam nach mbíonn claonadh i gceart Dé,
35. ach go nglacann sé leis an duine a mbíonn urraim aige dó agus a bhíos ag déanamh mar is cóir is cuma cé an cine ar de é.
36. Tá a fhios agaibh an briathar a chuir sé chuig Iosrael, nuair a d'fhógair sé dea-scéal na síochána trí Íosa Críost (is é Ardtiarna na cruinne é),
37. an briathar a foilsíodh ar fud Iúdaea, ag tosú as Galailí tar éis an bhaiste a bhíodh á sheanmóireacht ag Eoin:
38. inar nochtadh conas a d'ung Dia Íosa as Nasair leis an Spiorad Naomh agus le mór-chumhacht; agus conas a chuaigh sé ó áit go háit ag déanamh gach cineál maitheasa agus ag leigheas na ndaoine a bhí faoi leatrom ag an diabhal, mar bhí Dia leis.
39. Agus is finnéithe sinne ar a ndearna sé i dtír na nGiúdach agus in Iarúsailéim. Chuir siad chun báis é, á chrochadh ar chrann;
40. ach thóg Dia é an tríú lá agus thaispeáin sé go soiléir é,
41. ach níor thaispeáin sé do na daoine uile é ach dúinne a bhí tofa ag Dia mar fhinnéithe, a bhí ag ithe agus ag ól ina chuideachta i ndiaidh é éirí ó mhairbh.
42. Agus d'ordaigh sé dúinn bheith ag seanmóireacht do na daoine, agus ag tabhairt fianaise gurb é sin atá ordaithe ag Dia le bheith ina bhreitheamh ar bheo agus ar mhairbh.
43. Tugann na fáithe uile go léir fianaise air seo, go bhfaighidh gach duine dá gcreideann ann maithiúnas na bpeacaí trína ainmsean.”