Gníomhartha 10:1-8 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. Bhí fear a raibh Cornélius mar ainm air ina chónaí i gCaesaríá, ceantúir den díorma ar tugadh an Cohórt Iodáileach air,

2. fear cráifeach a raibh urraim aige féin agus ar a theaghlach uile do Dhia, a bhíodh ag déanamh déirce go fial ar na daoine, agus ag guí Dé go síor.

3. Agus chonaic sé go soiléir in aisling, i dtrátha an naoú huair den lá, an t‑aingeal ó Dhia a tháinig isteach chuige agus a dúirt leis, “A Chornélius.”

4. Agus stán sé air agus é ar bharr creatha, agus dúirt sé, “Cad é atá uait, a Thiarna?” Agus dúirt sé leis, “Chuaigh d'urnaithe agus do dhéirc suas chuig Dia, le tú a chur i gcuimhne dó.

5. Agus anois cuir teachtairí uait go hIoppa, ag cur fios ar Shíomón dar comhainm Peadar,

6. tá sé ar lóistín ag Síomón, an súdaire a bhfuil a theach cois na farraige.”

7. Nuair a d'imigh an t‑aingeal a labhair leis, ghlaoigh sé ar bheirt dá chuid seirbhíseach agus ar shaighdiúir cráifeach dá lucht leanúna,

8. agus d'inis sé dóibh tríd síos faoinar tharla, agus chuir sé go hIoppa iad.

Gníomhartha 10