Eoin 9:35-37 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

35. Chuala Íosa faoina bheith caite amach acu, agus nuair a fuair sé é chuir sé forrán air, “An gcreideann tusa i Mac an duine?”

36. Is é a d'fhreagair sé, “Agus cé hé féin, a Shaoi, ionas go gcreide mé ann?”

37. Arsa Íosa leis, “Chonaic do shúil é, agus is é atá ag caint leat.”

Eoin 9