Eoin 9:16-24 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

16. Arsa cuid de na Fairiséigh, “Ní ó Dhia an fear seo, mar ní choinníonn sé an tsabóid.” Ach dúirt dream eile, “Conas a d'fhéadfadh fear a bheadh ina pheacach comharthaí mar sin a dhéanamh?” D'éirigh easaontas eatarthu.

17. Dúirt siad mar sin arís leis an dall, “Cad é atá le rá agat faoi, ós é a d'oscail do shúile?” “Is fáidh é,” ar seisean.

18. Ni chreidfeadh na Giudaigh gur dall a bhí ann a fuair a amharc, go dtí gur chuir siad fios ar thuismitheoirí an fhir a fuair an t‑amharc,

19. agus gur fhiafraigh siad díobh, “An é sin bhur mac, an té a deir sibh a rugadh ina dhall? Conas mar sin a fheiceas sé anois?”

20. Ba é freagra a thuismitheoirí, “Is feasach dúinn gurb é sin ár mac, agus gur rugadh dall é;

21. ach conas a fheiceas sé anois nó cé a d'oscail a shúile, sin nithe nach bhfuil ar eolas againn. Cuirigí ceist air féin; tá sé in aois fir, labhróidh sé ar a shon féin.”

22. Dúirt a thuis­mitheoirí sin le heagla a bhí orthu roimh na Giúdaigh, mar bhí na Giúdaigh cheana féin ar aitheasc aon fhocail, an duine a chaitheamh amach as an tsionagóg a d'admhódh gurbh é an Críost é.

23. Is í sin an chúis a ndúirt na tuismitheoirí, “Tá sé in aois fir, bígí á fhiafraí de féin.”

24. Mar sin de chuir siad fios den dara huair ar an bhfear a bhí dall ó bhroinn, agus ar siadsan leis, “Tabhair an moladh do Dhia; tá a fhios againn gur peacach é an fear sin.”

Eoin 9