1. Nuair a bhí sé ag dul thart, chonaic sé fear a bhí dall ó bhroinn.
2. Agus chuir a dheisceabail ceist air, “A Rabbí, an é a pheaca féin nó peaca a thuismitheoirí is cointach leis, gur rugadh ina dhall é?”
3. Is é a d'fhreagair Íosa, “Ní de bharr pheaca an fhir seo ná pheaca a thuismitheoirí a tharla seo, ach mar dhúil is go nochtfaí mórfhearta Dé air.
4. Caithfimid oibreacha an té a chuir anseo mé a shaothrú amach, fad agus atá sé ina lá; tá an oíche ag teacht, nuair nach féidir do dhuine bheith ag obair.
5. Chomh fada agus a bhímse ar an domhan, is mé solas an domhain.”
6. San am a raibh sé ag rá na cainte sin, chaith sé seile ar an talamh, agus rinne sé dóib den tseile, agus chuimil sé an dóib de shúile an fhir,
7. agus dúirt sé leis, “Imigh, nigh thú féin i linn uisce Shilóam” (Teachtaireacht is ciall leis sin). Chuaigh sé leis gur nigh sé é féin gur fhill agus amharc na súl aige.
8. Is é a dúirt na comharsana agus an dream a d'fheiceadh roimhe sin é ag iarraidh déirce, “Nach é sin an fear a bhíodh ina shuí ag iarraidh déirce?”
9. Dúirt cuid acu, “Is é atá ann;” bhí an dara dream ann a dúirt, “Ní hé sin é, ach duine atá cosúil leis.” Ach dúirt sé féin, “Is mise an fear.”
10. D'fhiafraigh siad de ansin, “Conas mar sin a osclaíodh do shúile?”
11. Ba é a fhreagra, “An fear úd a bhfuil Íosa mar ainm air rinne sé dóib agus chuimil sé de mo shúile í agus dúirt sé liom, ‘Imigh go Silóam agus nigh thú féin’; agus chuaigh mé ann agus nigh mé agus fuair mé amharc na súl.”
12. D'fhiafraigh siad de, “Cá bhfuil sé?” “Níl a fhios agam,” ar seisean.