Eoin 8:14-26 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

14. D'fhreagair Íosa, “Más fúm féin a thugaim m'fhianaise, ní fhágann sin nach fíor í m'fhianaise, mar tá a fhios agam cá has a dtagaim agus cá bhfuil mo thriall, agus níl fhios agaibhse cá has dom nó cá bhfuil mo thriall.

15. Tugann sibh bhur mbreithiúnas mar a insíos an cholainn daoibh, ach ní thugaimse breith ar aon duine.

16. Agus dá dtabharfainn breith féin, is fíor an bhreith í, mar ní mise amháin a bhíos ag tabhairt na breithe, ach mise agus an té a chuir uaidh mé.

17. Sa dlí is agaibhse tá sé scríofa gur fíor í fianaise bheirte;

18. bímse ag tabhairt fianaise orm féin, agus bíonn an tAthair a chuir uaidh mé ag tabhairt fianaise orm.”

19. D'fhiafraigh siad de dá bhrí sin, “Cá bhfuil an tAthair sin agat?” Ba é a d'fhreagair Íosa, “Níl aithne agaibh ormsa ná ar an Athair; dá mbeadh aithne agaibh ormsa, bheadh aithne agaibh ar m'Athairse freisin.”

20. Ba i seomra an chiste a labhair sé na briathra sin, agus é ag teagasc sa teampall; agus ní raibh sé de dhánacht ag aon duine a ghabháil, ó nár tháinig a uain fós.

21. Dúirt sé leo aris, “Tá orm imeacht as seo, agus rachaidh sibh ar mo lorg agus gheobhaidh sibh bás agus bhur bpeaca oraibh; an áit a dtéimse, ní fhéadann sibh teacht.”

22. Dúirt na Giúdaigh ansin, “An gcuirfidh sé lámh ina bhás féin, nuair a deir sé, ‘An áit a dtéimse, ní fhéadann sibh teacht’?”

23. Dúirt seisean leo, “Is as an áit thíos atá sibhse, as an áit thuas mise; tá sibhse saolta, agus mise neamh-shaolta.

24. D'inis mé daoibh go bhfaigheadh sibh bás agus bhur bpeaca oraibh mura gcreideann sibh gur mise é.”

25. Ar siadsan leis, “Cé tú féin?” Arsa Íosa leo, “An rud ceannann céanna a d'inis mé daoibh ó thús ama.

26. Is iomaí sin ní atá agam lena rá fúibh agus is iomaí breith atá orm a thabhairt; ach is fírinneach an té a chuir uaidh mé, agus ní dhéanaim ach ar chuala mé aige a fhógairt don saol.”

Eoin 8