24. Ná tugaigí breithiúnas de réir na gcosúlachtaí, ach tugaigí breithiúnas de réir cirt.”
25. Dúirt cuid de mhuintir Iarúsailéim mar sin, “Nach é sin an fear a mbíonn siad ag iarraidh a mharú?
26. Agus seo anseo é, agus é ag labhairt os ard, agus gan focal acu le rá leis! An féidir fios na fírinne a bheith ag ár lucht ceannais gurb é seo an Críost?
27. Ach tá a fhios againn cá has a dtagann an duine seo; agus nuair a nochtfaidh an Críost, ní bheidh a fhios ag aon duine cá has a dtiocfaidh sé.”
28. Dá bhrí sin chuaigh Íosa a dhearbhú os ard, nuair a bhí sé ag teagasc sa teampall, “Nach bhfuil aithne agaibh orm, agus nach bhfuil a fhios agaibh cá has a dtagaim? Ach ní uaim féin a tháinig mé; is fírinneach an té a chuir uaidh mé, agus níl aithne ná eolas agaibh air.
29. Tá aithne agamsa air, mar is uaidh a tháinig mé, agus is é a chuir chugaibh mé.”
30. Tugadh iarraidh mar sin ar é a ghabháil, ach níor leagadh aon lámh air, ó nár tháinig a uain go fóill.
31. Ní lúide chreid mórán de na daoine ann; is é a dúirt siad, “Nuair a nochtann an Críost féin, an ndéanfaidh sé níos mó comharthaí ná an méid atá déanta aige seo?”
32. Chuala na Fairiséigh an slua á rá sin ina thaobh faoina bhfiacla, agus chuir na hardsagairt agus na Fairiséigh oifigigh uathu á ghabháil.
33. Dúirt Íosa ansin, “Tamall beag eile a chaithfeas mé agaibh agus rachaidh mé ansin go dtí an té a chuir chugaibh mé;
34. beidh sibh do m'iarraidh agus gan m'fháil; beidh mé san ionad nach féidir libh teacht orm.”
35. Dúirt na Giúdaigh lena chéile, “Cá háit a bhfuil sé ar intinn ag an duine seo a dhul nach mbeidh fáil againn air? An bhfuil sé ar intinn aige dul chuig na Giúdaigh atá scaipthe i measc na nGréagach agus na Gréagaigh a theagasc?