Eoin 3:1-18 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. Anois bhí fear de na Fairiséigh arbh ainm dó Nicodémus, a bhí ina rialtóir i measc na nGiúdach.

2. Tháinig sé chuig Íosa san oíche agus dúirt sé leis, “A Rabbí, aithnímid gur oide tú ó Dhia chugainn; mar ní fhéadfadh aon duine na comharthaí seo agat a dhéanamh, mura mbeadh Dia leis.”

3. Ba é freagra Íosa air sin, “Is fíor atá, agus is fíor mo rá, mura n‑athbheirtear an duine, ní fhéadann sé amharc a fháil ar ríocht Dé.”

4. Arsa Nicodémus leis, “Conas a bheirtear duine agus é aosta? An bhféadfadh sé dul isteach i mbroinn a mháthar athuair go mbeirtí é?”

5. 'D'fhreagair Íosa, “Is fíor agus is fírinneach a deirim leat, mura n‑athbheirtear duine ó uisce agus ón Spiorad, ní fhéadann sé dul isteach i ríocht Dé.”

6. Feoil a bheirtear d'fheoil agus spiorad a bheirtear den Spiorad.

7. Ná bíodh sé ina ábhar iontais agat go ndúirt mé leat go gcaithfidh sibh bheith do bhur n‑athbhreith.

8. Séideann an ghaoth mar a dtograíonn sí, agus cluineann tú a glór, ach níl fhios agat cá has a dtagann sí nó cá n‑imíonn sí; is amhlaidh a bhíos leis an uile dhuine dá n‑athbheirtear ón Spiorad.”

9. Dúirt Nicodémus leis, “Conas is féidir dó seo a bheith amhlaidh?”

10. Arsa Íosa leis, “A rá is de go bhfuil tusa i d'oide in Iosrael, agus gan tuiscint a bheith agat ar na nithe seo?

11. Is fíor atá, agus is fíor mo rá, bímid ag labhairt faoin ní is eol dúinn agus ag tabhairt fianaise ar a bhfuil feicthe againn; agus sin gan sibh ag glacadh lenár bhfianaise uainn.

12. Má tá nithe saolta inste agam daoibh agus nach gcreideann sibh, conas a chreidfidh sibh má insim nithe neamhaí daoibh?

13. Ní dheachaigh suas go neamh ach an té a tháinig anuas ó neamh, Mac an duine.

14. Agus mar a d'ardaigh Maois an nathair nimhe san fhásach, is amhlaidh a chaithfear Mac an duine a ardú,

15. i gcruth go bhfaighidh an uile dhuine a chreideas ann seilbh ar an mbeatha shíoraí.

16. Mar bhí grá Dé don domhan chomh mór sin gur thug sé uaidh a aon Mhac, ionas nach gcaillfí an té a chreideas ann ach go mbeadh an bheatha shíoraí aige.

17. Mar níor chuir Dia an Mac uaidh isteach sa domhan leis an domhan a dhaoradh, ach mar i ndúil is go slánófaí an domhan tríd.

18. An té a chreideas ann ní dhaortar é; an té nach gcreideann ann tá sé daortha cheana féin, de bhri nach bhfuil creidte aige in Ainm aon Mhac Dé.

Eoin 3