Eoin 21:20-25 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

20. Thiontaigh Peadar thart, agus chonaic sé ag leanúint ina ndiaidh an deisceabal ab ansa le hÍosa, an té sin a bhí ina luí ina ucht ag an suipéar, agus a d'fhiafraigh de, “A Thiarna, cé a dhéanfas do bhrath?”

21. Nuair a chonaic Peadar é, d'fhiafraigh sé d'Íosa, “A Thiarna, cad é faoin duine seo?”

22. Deir Íosa leis, “Más é mo thoil é, é a fhanacht go dtaga mé, cad é sin duitse? Lean tusa mise.”

23. Scaip an briathar sin i measc na mbráithre agus shíl siad nach bhfaigheadh an deisceabal úd bás; ach ní dúirt Íosa leis nach raibh sé le bás a fháil, ach dúirt sé, “Más é mo thoil é, é a fhanacht go dtaga mé, cad é sin duitse?”

24. Is é sin an deisceabal atá ag tabhairt fianaise i dtaobh na nithe sin, agus atá i ndiaidh é seo a scríobh; agus tá a fhios agam go bhfuil a fhianaisesean fíor.

25. Ach is iomaí ní eile a rinne Íosa lena chois sin; dá scríofaí gach uile cheann acu, ní shílimse go mbeadh áit sa domhan uile le haghaidh na leabhar a bheadh á scríobh.

Eoin 21