8. Dúirt sé leo, “Tarraingígí astu anois, agus tugaigí libh chuig maor na coirme é.” Thug siad chuige é mar sin.
9. Nuair a bhlais maor na coirme an t‑uisce a bhí anois ina fhíon, agus é in ainbhios faoi cá has ar tháinig sé (cé go raibh a fhios sin ag an lucht freastail a tharraing an t‑uisce), ghlaoigh maor na coirme ar an bhfear nuaphósta
10. agus ar seisean leis, “Bíonn na daoine uile ag tabhairt amach an dea-fhíona i dtús coirme; agus an díogha ansin ar deireadh nuair a bhítear i ndiaidh braon maith a ól; ach tá an dea-fhíon coinnithe siar agat go dtí anois!”
11. Rinne Íosa sin i gCána i nGalailí, an chéad chomhartha dá chomharthaí, agus nocht sé a ghlóir; agus chreid a dheisceabail ann.
12. Ina dhiaidh sin chuaigh sé síos go Caparnáum, é féin agus a mháthair agus a dheartháireacha, agus a dheisceabail; agus d'fhan siad tamall de laethanta ansin.
13. Ba ghairid uathu Cáisc na nGiúdach, agus chuaigh Íosa suas go hlarúsailéim.