Eoin 2:1-7 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. An tríú lá bhí bainis ann i gCána i nGalailí, agus bhí máthair Íosa ar an mbainis;

2. agus fuair Íosa agus a dheisceabail cuireadh freisin chun na bainise.

3. Nuair a bhí an fíon caite, dúirt máthair Íosa leis, “Níl aon fhíon acu.”

4. Agus dúirt Íosa léi, “A bhean úd, cad chuige a bhfuil tú dom? Níl an uain agam go fóill.”

5. Ba é a dúirt a mháthair leis an lucht freastail, “Déanaigí cibé ní a deir sé libh.”

6. Anois bhí sé shoitheach cloiche ina seasamh ansin, le haghaidh gnásanna glanta na nGiúdach, a dtoillfeadh fiche nó tríocha galún iontu.

7. “Líonaigí na soithigh d'uisce,” arsa Íosa leo. Agus líon siad go béal iad.

Eoin 2