12. “Is iomaí sin rud atá agam go fóill le rá libh, ach níl acmhainn agaibh orthu san am i láthair.
13. Nuair a thiocfas Spiorad na fírinne, is é a threorós sibh chun iomlán na fírinne; mar ní uaidh féin a labhrós sé, ach labhróidh sé an méid a chluinfeas sé, agus inseoidh sé daoibh faoina bhfuil le teacht.
14. Glóireoidh sé mé, ó glacfaidh sé a bhfuil agam agus foilseoidh sé daoibh é.
15. A bhfuil ag an Athair is liom é go huile; is dá bhrí sin a dúirt mé go nglacfaidh sé a bhfuil agam agus go bhfoilseoidh sé daoibh é.
16. “Seal beag eile, agus ní bheidh mé le feiceáil agaibh; seal beag eile arís, agus feicfidh sibh mé.”
17. Dúirt cuid de na deisceabail le chéile, “Cad é sin a deir sé linn, ‘Seal beag eile, agus ní bheidh mé le feiceáil agaibh; seal beag eile arís, agus feicfidh sibh mé,’ agus ‘ó táim ag imeacht chun an Athar’?
18. Cad é,” ar siadsan, “an chiall atá aige le ‘seal beag’? Ní thuigimid an chaint sin aige.”
19. Bhí a fhios ag Íosa fonn a bheith orthu a fhiafraí de; agus ar seisean leo, “An bhfuil sibh ag fiafraí dá chéile cad é ba chiall do mo chaint nuair a dúirt mé, ‘Seal beag eile, agus ní bheidh mé le feiceáil agaibh, agus seal beag eile arís agus feicfidh sibh mé’?
20. Is fíor atá, agus is fíor mo rá, beidh sibhse ag caoineadh agus ag mairgneach, agus beidh an domhan faoi lúcháir; beidh brón oraibh, ach iompóidh bhur mbrón chun lúcháire.
21. Bíonn an brón ar an mbean atá i dtinneas clainne, ós rud é gur tháinig a haimsir; ach nuair a bheirtear an leanbh di, ní cuimhneach léi na pianta, leis an lúcháir a bhíos uirthi go bhfuil duine tar éis teacht ar an saol.