20. Anois bhí Gréagaigh áirithe ar an dream a chuaigh suas a adhradh in am na féile.
21. Tháinig siadsan mar sin chuig Pilib, a bhí as Bétsáida atá i nGalailí, agus dúirt siad leis, “A Shaoi, ba mhaith linn Íosa a fheiceáil.”
22. Chuaigh Pilib gur inis sé d'Aindrias é; chuaigh Aindrias le Pilib ansin gur inis siad beirt d'Íosa faoi.
23. Agus d'fhreagair Íosa iad agus dúirt sé, “Tháinig an uair a mbeidh Mac an duine á ghlóiriú.
24. Is fíor atá, agus is fíor mo rá, mura dtiteann síol na cruithneachta sa talamh agus bás a fháil, ní bhíonn ann ach é amháin ina aonar; ach má fhaigheann sé bás, tagann mórán toraidh air.