Eoin 11:32-38 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

32. Nuair a tháinig Muire mar a raibh Íosa, agus nuair a chonaic sí é, thit sí ar a béal ag a chosa, agus dúirt si leis, “A Thiarna, ní bhfaigheadh mo dheartháir an bás, dá mbeifeá anseo.”

33. Nuair a chonaic Íosa í ag caoineadh, agus na Giúdaigh a tháinig léi ag caoineadh freisin, bhí corraí mór agus coscairt faoina chroí;

34. agus d'fhiafraigh sé, “Cá bhfuil sé curtha agaibh?” Dúirt siad leis, “Tar, a Thiarna, go bhfeice tú.”

35. Chuaigh Íosa ag caoineadh.

36. Arsa na Giúdaigh ansin, “Féach cad é an grá a bhí aige dó!”

37. Ach is é a dúirt cuid acu, “An fear seo a d'oscail súile an daill, nár fhéad sé an fear seo a choinneáil ó bhás a fháil?”

38. Tháinig Íosa ansin go dtí an tuama, agus é faoi thocht mór arís; uaimh a bhí ann, agus bhí cloch mhór ina luí ar a béal.

Eoin 11