Eoin 1:10-13 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

10. Bhi sé ar an saol, agus ba thríd a rinneadh an saol, ach níor aithin an saol é.

11. Tháinig sé chun a ionaid dhúchais, agus níor ghlac a mhuintir féin leis.

12. Ach níl duine dár ghlac leis, agus dár chreid ina ainm, nár thug sé an chumhacht dóibh bheith ina gclann Dé;

13. an chlann nár gineadh ó fholaíocht ná ó thoil chollaí ná ó thoil dhaonna, ach ó Dhia.

Eoin 1