1. Agus do shéid an cúigeadh aingeal a sdoc, agus do chonnairc mé réult ag tuitim ó neamh chum na talmhan: agus tugadh dhó eochair an phuill dubhaigéin.
2. Agus do fhosguil sé an poll dubhaigéin; agus do éiridh deatach as an bpoll, amhuil as úamhuigh mhóir theineadh; agus do rinneadh an ghrían agus an taiéur dorcha ó dheatuigh an phuill.
3. Agus tangadar lócusduighe amach as an deatuigh ar an dtalamh: agus tugadh cúmhachda dhóibh, do réir na gcúmhachd atá ag airhreachuibh nimhe na talmhan.
4. Agus a dubhradh ríu, Gan dochar do dhéunamh dféur na talmhan, na do ní glas ar bith, ná do chrann ar bith; achd do na daóinibh amháin ag nach bhfuil séula Dé a gcláruibh a néudan.
5. Agus tugadh dhóibh gan a marbhadh, achd bheith dhá bpíanadh feadh chúig míos: agus a bpían do bheith mar phéin aithir nimhe, an tan chailgeas sí duine.
6. Agus ann sna laethibh sin béid daóine ag íarruidh báis, agus ní bhfuighid é; agus budh mían ríu bás dfagháil, agus teithfidh an bás úatha.
7. Agus bá cosmhuil faicsin na bpíasd sin ré heachuibh ullamh chum catha; agus ar a gceannuibh mar do bhiadh corónacha cosmhuil ré hór, agus a naighthe cosmhuil ré haighthibh daóine.
8. Agus do bhí grúag orrtha cosmhuil ré gruáig bhan, agus bá cosnhuil a bhfiacla ré fiacluibh leomhan.
9. Agus do bhádar lúireacha orrtha, cosmhuil ré lúireachuibh íaruinn; agus fuáim a sgiathán cosmhuil ré fuáim carbad iomad each ag ríoth a gceann chatha.
10. Agus do bhádar earbuil orrtha cosmhuil ré haithréachuíbh nimhe, agus do bhí cailg ann a nearbluíbh: agus a sé bá cúmhachda dhóibh bheith ag gortughadh dháoineadh feadh chúig míos.
11. Agus do bhí rí aca ós a gcionn, aingeal an dubhaigéin, dárob ainm a Neabhrais, Abaddon, agus a Ngréigis a sé is ainm dhó Apollion.
12. Do chuáidh áon truáighe amháin thoruinn; agus, féuch, atá dhá thruáighe fós chum teachda na dhiáigh so.