Taisbeanadh 8:12-13 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

12. Agus do shéid an ceathramhadh aingeal a sdoc, agus do buáileadh an treas cuid don ghréin, agus an treas cuid don ghealuidh, agus an treas cuid do na réultuibh; ionnus go ndearnadh an treas cuid diobh dorcha, agus níor dheallruigh an lá an treas cuid de, agus a noidhche mar an gcéudna.

13. Agus do chonnairc mé, agus do chúaluidh mé aingeal ná áonar ag eitealluidh a meadhón neimhe, ag rádh do ghúth árd, As mairg, mairg, mairg, don druing áitigheas an talamh ar son ghóthann sdoc na dtrí naingeal atá fós chum teachda, ar tí a sdoc do shéideadh!

Taisbeanadh 8