11. Agus do sheasadar na haingil uile a dtimchioll na cathaóireach, agus na seanóirigh agus na gceithre mbeathach, agus do léigeadar íad féin síos ar a naighthibh a bhfiadhnuisi na catháoireach, agus tugadar onóir do Dhía,
12. Ag rádh, Amén: Moladh, agus glóir, agus éagna, agus buidheachas, agus onóir, agus cúmhachda, agus neart dár Ndíane go sáoghal na sáoghal. Amén.
13. Agus do fhreagair neach do na seanóiribh, ag rádh riom, Créd íad an luchdsa umá bhfuilid na róbuidhe fada gléigheala? agus cá hionad as a dtangadar?
14. Agus a dubhairt mise ris, A thíghearna, atá a fhios agadsa. Agus a dubhairt seision riomsa, Ag so an dream tháinic as buáirdhirt mhóir, agus do nigh a róbuidhe, agus do ghealuidh íad a bhfuil a Nuáin.