1. Agus do chonnairc mé ar láimh dheis an tí do bhí na shuídhe sa gcathaóir, leabhar sgríobhtha don táoibh a stigh agus don táobh a muigh, do daingnigheadh ré seachd séula.
2. Agus do chonnairc mé aingeal neartmhar noch do sheanmóruígh do ghúth árd, Cía atá iomchubhaidh chum an leabhair dfosgladh, agus chum a shéuluighe sgáoileadh?
3. Agus níor bhféidir ré héinneach air neamh, ná air talamh, ná fáoi an dtalamh, an leabhar dfosgladh, ná fós feuchain air.
4. Ann sin do cháoi mise go mór, do bhrígh nach raibh éinneach air fhagháil do bfíu an leabhar dosgladh ná a leughadh, na fós féuchain air.
5. Agus a dúbhairt neach do na seanóiribh riom, Ná guil: féuch, rug an Leomhan do threibh Iúda, Fréumh Dháibhí, buáidh air an leabhar dfosgladh, agus ar a sheachd séuluighibh go sgáoileadh.