9. An tan thugadar na beathuidh sin glóir onóir agus buidheachas don té bhí na shuidhe sa gcatháoir, noch a mhaireas go sáoghal na sáoghal,
10. Do léigeadar an ceathrar air fhichid seanóir íad féin síos a bhfíadhnuise an té do shuigh sa gcathaóir, agus tugadar onóir don té mhaireas go sáoghal na sáoghal, agus do theilgeadar a gcorónacha a bhfíadhnuise na catháoire, ag rádh,
11. As fíu thú, a Thíghearna, glóir, agus onóir, agus cúmhachda dfagháil: óir as tú do chruthuigh na huile neithe, agus as tré do thóilse atáid agus do crúthuighéadh íad.