4. Atá beagán danmannuibh fos agad a Sardis nár shlauidh a néuduighe; agus siubhóluid síad má ráon riomsa a néuduighibh gléigheala: óir as fíu sin íad.
5. An tí bheireas buáidh, biáidh sé ar na éudughadh déuduighibh gléigheala; agus ní sgriosfad a ainm choidhche as leabhar na beatha, achd aidmeócha mé a ainm a bhfíadhnuise Mathar, agus a bhfíadhnuise a ainglidhibh.
6. An tí agá bhfuil cluas, éisdeadh sé créd a deir an Sbiorad ris na heagluisidhibh.
7. Agus sgríobh chum aingil na heagluise atá a Bphiladelphia; Ag so na neithe a deir an neach náomhtha, án neach fírinneach, agá bhfuil eochair Dháibhi, an tí osglas, agus ní dhúnann éinneach; an tí dhúnas, agus ní osglann éunduine;
8. As aithnidh dhamh hoibreacha: féuch, do chuir mé doras osguilte romhad, agus ní héidir déinneach a dhúnadh: do bhrígh go bhfuil brígh bheag ionnad, agus gur choimhéid tú mo bhríatharsa, agus nar shéun tú mainm.
9. Féuch, do bhéura mé air an druing do shínagóig Shátain, noch a deir gur Iúdaigheadh íad féin, agus nach eadh, achd do níd bréug; féuch, do bhéura mé ortha teachd agus sléuchduin do dhéunamh agad chosuibhse, agus biaidh a fhios aca go dtug mise grádh dhuit.
10. Do bhrígh gur choimhéid tú briathar mfoighidesi, do dhéunsa thusa choimhéud ar aimsir an chathuige, noch atá chum teachda ar a tsáoghal uile, chum dearbhtha na druinge áitigheas an talamh.
11. Féuch, tiucfa mé go haithghearr: connaimh an ní atá agud, ionnus nach béuradh éinneadh do choróin uáit.
12. Do dhéuna mé posda a dteampoll mo Dhé don tí bheireas buáidh, agus ní racha sé ní sa mho amach: agus sgríobhthad ainm mo Dhé air, agus ainm chaithreach mó Dhé, Iarusalém núadh, noch thig a núas ó neamh ó mó Dhía: agus mainm núadh féin.
13. A tí agá bhfuil clúas, éisdeadh sé créd a deir an Sbiorad ris na heagluisidhibh.
14. Agus sgríobh chum aingil eagluise Laodicéa; Ag so na neithe a deir Amen, an fhíadhnuise dhíleas fhírinneach, tosach crúthuígheadh Dé;
15. As aithne dhamh hoibreacha, nach bhfuil tú fuar ná teith: do bfearr leam go mbeitheá fuár nó teith.
16. Uime sin do bhrígh go bhfuil tú boigtheith, gan bheíth teith no fuar, atá fúm do sceith amach as mó bhéul.