3. Uime sin bíodh na neithe do ghlac agus do chúala tú ar coimhne agad, agus connaimh íad, agus déun aithrighe. Achd cheana muna dhearna tú faire, tiucfa mé ort mar ghaduighe, agus ní bhiáidh fios na huáire a dtiucfa mé ort agud.
4. Atá beagán danmannuibh fos agad a Sardis nár shlauidh a néuduighe; agus siubhóluid síad má ráon riomsa a néuduighibh gléigheala: óir as fíu sin íad.
5. An tí bheireas buáidh, biáidh sé ar na éudughadh déuduighibh gléigheala; agus ní sgriosfad a ainm choidhche as leabhar na beatha, achd aidmeócha mé a ainm a bhfíadhnuise Mathar, agus a bhfíadhnuise a ainglidhibh.
6. An tí agá bhfuil cluas, éisdeadh sé créd a deir an Sbiorad ris na heagluisidhibh.
7. Agus sgríobh chum aingil na heagluise atá a Bphiladelphia; Ag so na neithe a deir an neach náomhtha, án neach fírinneach, agá bhfuil eochair Dháibhi, an tí osglas, agus ní dhúnann éinneach; an tí dhúnas, agus ní osglann éunduine;
8. As aithnidh dhamh hoibreacha: féuch, do chuir mé doras osguilte romhad, agus ní héidir déinneach a dhúnadh: do bhrígh go bhfuil brígh bheag ionnad, agus gur choimhéid tú mo bhríatharsa, agus nar shéun tú mainm.
9. Féuch, do bhéura mé air an druing do shínagóig Shátain, noch a deir gur Iúdaigheadh íad féin, agus nach eadh, achd do níd bréug; féuch, do bhéura mé ortha teachd agus sléuchduin do dhéunamh agad chosuibhse, agus biaidh a fhios aca go dtug mise grádh dhuit.
10. Do bhrígh gur choimhéid tú briathar mfoighidesi, do dhéunsa thusa choimhéud ar aimsir an chathuige, noch atá chum teachda ar a tsáoghal uile, chum dearbhtha na druinge áitigheas an talamh.
11. Féuch, tiucfa mé go haithghearr: connaimh an ní atá agud, ionnus nach béuradh éinneadh do choróin uáit.
12. Do dhéuna mé posda a dteampoll mo Dhé don tí bheireas buáidh, agus ní racha sé ní sa mho amach: agus sgríobhthad ainm mo Dhé air, agus ainm chaithreach mó Dhé, Iarusalém núadh, noch thig a núas ó neamh ó mó Dhía: agus mainm núadh féin.