3. Agus ní bhiádh mallughadh ar bith ann ní sa mhó: achd biáidh cathaóir Dé agus a Nuáin innte; agus do dhéunuidh a shearbhfhoghantuigheadha seirbhís dó:
4. Agus do chífid síad a aghuidh; agus biáidh a ainm á gcláruibh a néudan.
5. Agus ní bhiáidh óidhche ann sin; agus ní bhfuil uireasbhuidh lóchruinn, ná solais gréine orrtha; óir do bheir an Tíghearna Día solas dóibh: agus béid síad na ríoghuibh go sáoghal na sáoghal.
6. Agus a dubhairt sé riom, Is díleas fíreanneach na bríathrasa: agus do chuir an Tíghearna Día na bhfáidheadh náomhtha a aingeal úadh dfoillsiughadh dhá shearbhfhoghantuighibh féin na neithe is éigean do dhéunamh go haithghearr.