Taisbeanadh 21:7-11 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

7. An tí bheireas buáidh budh hoighre é ar an huile neithibh; agus biáidh mise um Dhía aige, agus biáidh seision na mhac agumsa.

8. Achd do gheabhuid na daóine meata, agus díchreidmheacha, agus gráineamhla, agus luchd dúnmharbhtha, agus adhaltrannuis, agus na bpiséog, agus a niodhaladhruigh, agus a nuile bhréugaire, a gcuid sa loch atá ar dearglasadh do theine agus do ruibh: noch is dara bás ann.

9. Agus táinic neach do na seachd nainglibh chugum agá rabhadar na seachd soithighe líonta do na seachd bplághuibh deigheanacha, agus do labhair sé riom, ag rádh, Gabh a leith, taisbéunfadsa dhuit an bhean núadhphósda, bean a Nuáin.

10. Agus rug sé leis mé trés an sbioruid chum sléibhe móir áird, agus do thaisbéin sé dhamh an chathair mhór, Ierusalém náomhtha, ag teachd ó Dhía a núas as neamh,

11. Agá raibh glóir Dé: agus bá cosmhail an lonnradh do bhí innte ré chloich laspis, comhghlan ré Criosdal;

Taisbeanadh 21