Taisbeanadh 21:16-23 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

16. Agus do bhí an chathair ar na suighuighadh go ceathair uilleannach, agus dob ionann fad agus leithead di: agus do thomhais sé an chathair ris an ngiolcach, dhá mhíle dhéug sdáid. Agus is ionann fad agus leithead agus áirde dhi.

17. Agus do thomhais sé a bálla, céud agus ceathair air dhá fhichead chúbhad, do réir mhíosuir dhuine, eadhon, a naingil.

18. Agus is ré cloich Iaspis do tógbhadh súas a balla: agus bá hór glan an chathair féin, cosmhail ré gloine fíorghlan.

19. Agus do bhádar fonndameinteintíghe bhalla na caithreach ar na ndéunamh deaghmhaiseach ris a nuile gné chloch úasal. Bá Iaspis an céud fhundameint: Saphir, an dara fonndameint; Smaragaid, an ceáthramhadh fonndameint;

20. Sardónics, an cuigeadh fonndameint; Sardinis, an seiseadh fonndameint; Chriosolit, an seachdmhadh fonndameint; Berill, an tochdmhadh fonndameint; Topáis, an náomhadh fonndameint; Chrisophrasuis, an deachmhadh fonndameint; Iácint, an táonughadh fonndameint déug; Ametist an dara fonndameint déug.

21. Agus do bhádar an dá gheata dhéug na ndá bpéurla dhéug; agus is déinphéurla do rinneadh gach geata dhíobh fó leith: agus do bhí sráid na caithreach na hór ghlan, amhuil gloine dheallruigheach.

22. Agus ní fhácuidh mé teampoll innte óir a sé an Tíghearna Día Uilechumhachdach agus an Túán as teampoll di.

23. Agus ní ríachdanach air an ccathruighse grían, ná gealach dó shoillsiughadh innte: óir do shoillsigh glóir Dé í, agus a sé an Túan is solas di.

Taisbeanadh 21