Taisbeanadh 21:12-19 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

12. Agus do bhí balla mór árd aice, ar a rabhadar dha gheata dhéug, agus dhá aingeal déug ag na geataidhibh, agus anmanna sgríobhtha orrtha, eadhon anmanna dhá thréabh dhéug chloinne Isráel.

13. Do bhádar trí gheata don táobh shoir; trí gheata don táobh thuáigh; trí gheata don táobh theas; agus trí gheata don táobh shíar.

14. Agus do bhádar dhá fhonndameint déug ag balla na caithreach, agus iontasan anmanna dhá absdail déug a Nuáin.

15. Agus do bhí ag an tí do labhair riom giolcach órrgha, chum na caithreach agus a geatuigheadh, agus a balla do thomhas dó.

16. Agus do bhí an chathair ar na suighuighadh go ceathair uilleannach, agus dob ionann fad agus leithead di: agus do thomhais sé an chathair ris an ngiolcach, dhá mhíle dhéug sdáid. Agus is ionann fad agus leithead agus áirde dhi.

17. Agus do thomhais sé a bálla, céud agus ceathair air dhá fhichead chúbhad, do réir mhíosuir dhuine, eadhon, a naingil.

18. Agus is ré cloich Iaspis do tógbhadh súas a balla: agus bá hór glan an chathair féin, cosmhail ré gloine fíorghlan.

19. Agus do bhádar fonndameinteintíghe bhalla na caithreach ar na ndéunamh deaghmhaiseach ris a nuile gné chloch úasal. Bá Iaspis an céud fhundameint: Saphir, an dara fonndameint; Smaragaid, an ceáthramhadh fonndameint;

Taisbeanadh 21