1. Agus do chonnairc mé neamh núadh agus talamh núadh: óir do chúaidh an céidneamh agus an céud thalamh thoruinn; agus ní raibh fairrge ann ní sa mhó.
2. Agus do chonnairc misi Eóin an chathair náomhtha, Ierusalem núadh, ag teachd o Dhía a núas ó neamh, ar na hullmhughadh amhuil ghléusas bean núadhphósda í féin fá chomhair a fir.
3. Agus do chúala mé gúth mór ó neamh ag rádh, Féuch, tabernacuil Dé ag daóinibh, agus do dhéunuidh seision comhnuidhe na bhfhochair, agus béid síadsan na bpubal aige, agus biáidh Día féin na bhfochairsion, agus budh he a Ndía.
4. Agus glanfuidh Día gach uile dhéor ó na suilibh; agus ní bhiáidh bás ann ní sa mhó, ná caói, ná éighmhe, agus ní bhiáidh sáothar ann ní sa mhó: óir do chúadar na céidneithe thoruinn.
5. Agus a dubhairt an tí do bhí na shuidhe sa gcathaóir, Féuch, do ním na huile neithe núadh. Agus a dubhairt sé ríom, Sgríobh: óir is fírinneach díleas na bríathrasa.
6. Agus a dubhairt sé riom, Atá sé déunta. As mise Alpha agus Oméga, an tosach agus an deireadh. Do bhéura mé don tí ar a bhfuil tart ní ré ibhe do thobar uisge na beatha a naisgidh.
7. An tí bheireas buáidh budh hoighre é ar an huile neithibh; agus biáidh mise um Dhía aige, agus biáidh seision na mhac agumsa.
8. Achd do gheabhuid na daóine meata, agus díchreidmheacha, agus gráineamhla, agus luchd dúnmharbhtha, agus adhaltrannuis, agus na bpiséog, agus a niodhaladhruigh, agus a nuile bhréugaire, a gcuid sa loch atá ar dearglasadh do theine agus do ruibh: noch is dara bás ann.
9. Agus táinic neach do na seachd nainglibh chugum agá rabhadar na seachd soithighe líonta do na seachd bplághuibh deigheanacha, agus do labhair sé riom, ag rádh, Gabh a leith, taisbéunfadsa dhuit an bhean núadhphósda, bean a Nuáin.
10. Agus rug sé leis mé trés an sbioruid chum sléibhe móir áird, agus do thaisbéin sé dhamh an chathair mhór, Ierusalém náomhtha, ag teachd ó Dhía a núas as neamh,