11. Agus do chonnairc mé cathaóir mhór gheal, agus neach áirighe na shuidhe innte, agár theith talamh agus neamh roimhe; agus ní fríth a náit.
12. Agus do chonnairc mé na mairbh, eidír bheag agus mhór, na seasamh a bhfíadhnuise Dé; agus do hosgladh na leabhair: agus do hosgladh leabhar eile, eadhon leabhar na beatha: agus rugadh breath ar na mharbhaibh as na neithibh do bhí sgríobhtha sna leabhruibh, do réir a ngníomharthadh.
13. Agus tug an fhairrge uáithe na mairbh do bhí innte; agus tug an bás agus ifearn úatha na mairbh do bhí aca: agus rugadh breath orrtha fó leíth do réir a ngníomharthadh.
14. Agus do teilgeadh an bás agus ifearn a loch teineadh. A sé so an dara bás.
15. Agus gidh bé nar frith sgríobhtha a leabhar na beatha do teilgeadh é sa loch teineadh.