Taisbeanadh 2:20-29 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

20. Gidheadh atá beagan agum a tadhuigh, go bhfuilngeann tú don mhnáoi Iesabel, a deir gur banfháidh í féin, teagusg do thabhairt uáithe agus mo shearbhfhoghantuigheadhsa do mhealladh chum sdríopachais do dhéunamh, agus chum na neitheann atá ar na níodhbairt diodhaluibh ithé.

21. Agus tug mé aimsir dhi chum aithrighe dhéunamh a dtáobh a sdríopachais; agus ní dhearna sí aithrighe.

22. Féuch, teilgfé mé í a leabuidh, agus an dream do ní drúis ría a mbuáidhirt ro mhóir, muna dhearnuid síad aithrighe a dtáobh a ngníomharthadh.

23. Agus sgriosfa mé a clann ris an mbás; agus tuigfid na heagluiseacha uíle gur misi sgrúduigheóir na ndubhán agus na gcroidhtheach: agus do bhéur dá gach áon aguibhse réir bhur ngníomharthadh.

24. Agus a deirim ribhse, agús rís an gcuid eile do luchd Thiatíra, an mhéid nach ccongmhann an teagusgsa, agus dá nach feas doimhne Shátain, mar a deirid síad; ní cuirfead oruibh úalach eile.

25. Gidheadh congmhuigh an ní atá aguibh go teachd damhsa.

26. Agus an tí bheireas buáidh, agus chomgmhus moibreachasa gus an gcrích dheigheanuidh, do bhéur cúmhachda dhó ós cionn na gcineadhach:

27. Agus do dhéunuidh a ríaghlughadh ré slait íaruinn; agus do dhéuntar a gcoimbriseadh mar shoithighe críadh: amhuil as do ghlac mise fós óm Athair.

28. Agus do bhéur dhó réult na maidne.

29. An tí agá bhfuil clúas éisdeadh se, créd a deir an Sbiorad ris na heagluisidhibh.

Taisbeanadh 2