Taisbeanadh 19:19-21 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

19. Agus do chonnairc mé an tainmhidhe, agus righthe na talmhan, agus a slóigh, ar na gcruinniughadh a bhfochair a chéile chum coguidh dhéunamh ris an tí do bhí ar muin a neich, agus ré na shlúagh.

20. Agus do gabhadh an tainmhidhe, agus na fáidh fallsa maille ris noch do rinne míorbhuileadh na fhíadhnuise, léur mheall sé an dream do ghabh comhartha a nainmhidhe chuca, agus tug onóir dhá iomháigh. Agus do teilgeadh íad ar áon beó a loch teineadh ar dearglasadh lé ruibh.

21. Agus do marbhadh an chuid eile ré cloidheamh an tí do bhí air muin a neich, tháinic amach as a bhéul: agus do sásadh na huile éunlaith ré na bhfeóil.

Taisbeanadh 19