10. Agus do thuit mé síos agá chosuibh chum a onóruighthe. Achd a dubhairt sé riom, Coimhéid nach déuna tú sin: as coimhshearbhfhoghantuighe dhuit mé, agus dod dhearbhráithribh agá bhfuil fíadhnuise Iósa aca: tabhair onóir do Dhía: óir a sí fíadhnuise Iósa spiorad na fáidheadóireachda.
11. Agus do chonnairc mé neamh osguilte, agus féuch each ban; agus a sé dob ainm don tí do bhí na shuidhe air Díleas agus Fírinneach, agus is do réir cheirt do ní breitheamhnus agus cosgadh.
12. Agus bá cosmhail a shúile ré lasair theineadh, agus do bhádar mórán coróineach ar a cheann; agus do bhí ainm sgríobhtha aige, nár baithne daóineach achd dó féin.
13. Agus é ar na éudughadh déudach do thomadh a bhfuil: agus a sé ainm ghoirthear dhe Bríathar De.
14. Agus do leanadar slóigh neimhe é air éachuibh bána, ar na néudughadh do líneudach toghtha, gléigheal glan.
15. Agus tháinic cloidheamh géur dhá fháobhar amach as a bhéul, chum na gcineadhach do bhúaladh ris: agus do dhéunuidh sé a ríaghlughadh ré slait íaruinn: agus a se shaltras fá na chosaibh úmar fíona cúthuigh fheirge Dé Uilechumhachduigh.
16. Agus do bhí ainm sgríobhtha aige air a éudach agus air a shlíasaid, RI NA RIGHTHEADH, AGUS TIGHEARNA NA DTIGHEARNADH.
17. Agus do chonnairc mé aingeal áirighe na sheasamh sa ngréin; noch do éigh do ghúth árd, ag rádh ris na huile éunlaith do bhí ag eitealluigh a lár neimhe, Tigidh agus cruinnighthear sibh chum suipéir an Dé mhóir;
18. Chum féola ríghtheadh díthe dhíbh, agus féola árdchaiptíneadh, agus féola dhaóineadh cúmhachdach, agus féola each, agus an mbarcshluáigh bhías orrtha, agus féola na nuile, eidir sháor agus dáor, eidir bheag agus mhór.
19. Agus do chonnairc mé an tainmhidhe, agus righthe na talmhan, agus a slóigh, ar na gcruinniughadh a bhfochair a chéile chum coguidh dhéunamh ris an tí do bhí ar muin a neich, agus ré na shlúagh.
20. Agus do gabhadh an tainmhidhe, agus na fáidh fallsa maille ris noch do rinne míorbhuileadh na fhíadhnuise, léur mheall sé an dream do ghabh comhartha a nainmhidhe chuca, agus tug onóir dhá iomháigh. Agus do teilgeadh íad ar áon beó a loch teineadh ar dearglasadh lé ruibh.
21. Agus do marbhadh an chuid eile ré cloidheamh an tí do bhí air muin a neich, tháinic amach as a bhéul: agus do sásadh na huile éunlaith ré na bhfeóil.