Taisbeanadh 18:22-24 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

22. Agus ní cluinfighthear ionnad ní sa mhó fuáim cláirséoradh, ná luchd ciúil, ná phíobaireadh, ná thrompóireadh; agus ní bhiáidh éinfhear ceirde déincheird air bith air fagháil ionnad ní sa mhó, agus ní cluinfighthear ionnad ní sa mhó fuáim chloichthe muilinn;

23. Agus ní shoillséochuigh solas coinnle ní sa mhó ionnad; agus ní cluinfighthear gúth fir ná mná nuádhphósda ní sa mhó ionnad: óir bá híad do cheannuighthe daóine móra na talmhan; agus is réd phiséoguibh do mealladh na huile chineadhacha.

24. Agus is innte fríth fuil na bhfaidheadh, agus na náomh, agus na nuile dhaóineadh do marbhadh ar an dtalamh.

Taisbeanadh 18