Taisbeanadh 18:12-17 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

12. A nearradha óir, agus airgid, agus chloch mbúadha, agus pheurluidheadh, agus línéuduigh cáol, agus phurpair, agus síoda, agus sgárlaóide, agus gach gné adhmuid thine, agus gach gné shoithidh nithear dfiaclaibh elephaint, agus gach gné shoithidh níthear dadhmad mhórluáidh, agus do phrás, agus díarann, agus do mharmar,

13. Agus cainéul, agus neithe deaghbhaluidh, agus oinnemeint, agus túis, agus fíon, agus ola, agus plúr míngheal, agus cruithneachd, agus ainmhinntighe, agus caóiridh, agus éich, agus carbuid, agus searbhfhoghantuighidh, agus anmanna daóineadh.

14. (Agus do imthigheadar na tórtha ann a raibh fonn ag thanam uáid, agus do imthigheadar na huile neithe méithe maiseacha uáid, agus ní bhéid síad ar fágháil féasda agud.

15. Seasfuid ceannuighthe na neitheannsa do rínneadh saidhbhir ría, a bhfad uáithe ar eagla a peannuide, ag gul agus ag cáoi,

16. Agus ag rádh, As trúagh, trúagh an chathair mhór, do bhí ar na héudughadh do linéudach caól, agus do phurpaír, agus do sgárlaóid, agus do bhí ar na hóradh ré hór, agus ré clochuibh búadha, agus ré péurluighibh!

17. Cionnas do cuireadh fá neamhní chomhmór sin do shaidhbhrios ré headh éunuáire. Agus seasfuidh gách maighisdir luinge, agus gach duine shéolas a longuibh, agus na máirnéuluigh, agus an mhéid do gheibh sochar na fairrge, a bhfad uáithe,

Taisbeanadh 18