1. Agus a ndiáigh na neitheannsa, do chonnairc mé aingeal ag teachd a núas ó neamh, agá raibh cúmhachda móra; agus do dheallruidh an talamh ré na ghlóir.
2. Agus do éigh sé go láidir go ghúth árd, ag radh, Do thuit, do thuit an Bhabilóin mhór, agus do rinneadh áit comhnuighe deamhan di, agus ionadh congmhála gach spioruide neamhghlóine, agus áit cúmhduigh gach éinfhúathmhair neamhghloin.
3. Oír do íbheadar na huile cineadhacha dfíon fheirge a sdríopachuis, agus do rinneadar ríghthe na talmhán sdríopachas ría, agus atáid ceannuighthe na talmhan ar na ndéunamh saídhbhir ré hiomad a sáimhe.
4. Agus do chúala mé gúth eile ó neamh ag rádh, Tigidh amach aisde, mo phobalsa, deagla bheith díbh pártach ré na peacaidhibh, agus pairt dfagháil díbh dhá plághuibh.
5. Oír do leanadar a peacthuigh a cheile go neamh, agus do choimhnigh Día air a drochbheartuibh.
6. Tuguidh dhi do réir mar thug sise dhíbhse, agus tuguidh dhi go dúbalta de réir a gníomhartha: líonuidh dhi go dúbalta an cupán do líon sise dhíbhse.