Taisbeanadh 16:18-21 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

18. Agus do bhádar góthanna, agus teinteach, agus tóirrneach ann; agus tárrla crioth mór talmhan ann, nach raibh a leithid ann a ríamh ón trath fá rabhadar daóine ar an dtalamh, chomhmór sin do chrioth talmhan.

19. Agus do rannadh an chathair mhór a dtrí cotannuibh, agus do thuiteadar caithreacha na gcineadhach: agus tháinic an Bhabilóin mhór a gcuimhne a lathair Dé, ionnus go dtiubhradh sé cupán dfíon chathuigh a fheirge dhi.

20. Agus do theith gach uile oiléun, agus ní raibh na sléibhte air fagháil.

21. Agus do thuit cloichshneachda mór a núas ó neamh, a gcómhthrom taluinne air dhaóinibh: agus do mhasluigheadar daóine Día tré phláigh an chloichshneachda sin; óir do bhí a phláigh romhór.

Taisbeanadh 16