Taisbeanadh 16:10-14 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

10. Agus do dhóirt an cúigeadh aingeal a shoitheach ar chathaóir a nainmhidhe; agus do rinneadh a rioghachd lán dá dhorchaduis; agus do chognadar a dteangtha ré hiomad doilgheasa,

11. Agus do mhasluigheadar Día neimhe tré iomad a ndoilgheasa agus a neasgoideadh, agus ní dhearnadar aithrighe ar son a noibreacha.

12. Agus do dhóirt an seiseadh aingeal a shoitheach sa nabhuinn mhóir Euphrátes; agus do thiormuigh a huisge, ionnus go mbíadh an tslighe réidh ag ríoghuibh na háirde shoir.

13. Agus do chonnairc mé trí spiorada néamhghlana bá cosmhuil ré cnadáin ag teachd amach as béul an dragúin, agus as béul a nainmhidhe, agus as béul an fháidh fhallsa.

14. Oir is spiorada deamhan íad, bhíos ag déunamh cómharthadh, agus théid amach go ríoghuibh na talmhan agus an domhuin uile, chum a gcómhchruinnighe a gceann chatha láe mhóir Dhé Uilechúmhachduigh.

Taisbeanadh 16