1. Do chonnairc mé na dhiáigh sin cómhartha mór iongantach eile ar neamh, seachd naingil agá rabhádar na seachd bplágha deigheanacha; óir is ríu sin do coimhlíonadh fearg Dé.
2. Agus do chonnairc me cosamhlachd fhairrge gloinidhe ar na cúmasg ré teine: agus an luchd rug buáidh ar a nainmhidhe, agus ar a iomháigh, agus ar a chómhartha, agus ar úibhir a anma, na seasamh ag an bhfairrge ghloinidhe, agus cláirseacha Dé aca.