Taisbeanadh 14:4-10 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

4. A síad so an dream nár salchadh ré mnáibh; óir as ógha íad. A síad so an dream leanas an Túan gidh bé hionad a dtéid. Atáid siad ar na gceannach as meadhón na ndaóineadh, na ccéudthórtha do Dhía agus do Núan.

5. Agus ní fríth cealg na mbéul: óir atáid gan cháidhe a bhfíadhnuisi chathaóire Dé.

6. Agus do chonnairc mé aingeal eile ag eitealluigh a meadhón neimhe, agá raibh soisgéul síorruidhe chum a shoisgéulta don druing áitreabhas an talamh, agus do nuile chineadh, agus threibh, agus theanguidh, agus phubal,

7. Ag rádh do ghúth árd, Bíodh eagla Dé oruibh, agus tuguidh glóir dhó; óir táinic uáir a bhreitheamhnuis: agus déunuigh úmhla don tí do chrúthuigh neamh, agus talamh, agus an fhairrge, agus na tuibruideacha uisge.

8. Agus do lean aingeal eile, ag rádh, Do thuit, do thuit an Bhabilóin, an chathair mhór; óir tug sí air na huile chineadhachuibh fíon feirge a sdríopachuis dibhe.

9. Agus do lean an treas aingeal íad, ag rádh do ghúth árd, Má bheir éinneach onóir don nainmhidhe agus dá íomháigh, agus go ngéubha chuige a chomhartha a gclár á éudain, nó ann a láimh,

10. I bhfidh an tise fós dfíon fheirge Dé, do nfíon ghlan líontar a gcupán a fheirge; agus do gheabhuidh a phíanadh a dteine agus a ruibh a bhfiadhnuise na naingeal náomhtha, agus a bhfíadhnuise a Nuáin:

Taisbeanadh 14