Taisbeanadh 14:2-7 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

2. Agus do chúaluidh mé gúth ó neamh, mar fhuáim iomad uisgeadh, agus mar fhuáim tóirnigh móire: agus do chúaluidh mé fuáim cláirséoradh ag déunamh ceóil ré na gcláirseachuibh:

3. Agus do channadar mar do bhíadh céol núadh a bhfiadhnuise na cathaóireach, agus a bhfíadhnuise na gceithre mbeathach, agus na seanóireadh: agus níor bhféidir déinneach an céol sin dfoghlaim achd amháin don chéud agus do na ceithre ar dhá fhichead do mhíltibh, do bhí ar na gceannach ón dtalamh.

4. A síad so an dream nár salchadh ré mnáibh; óir as ógha íad. A síad so an dream leanas an Túan gidh bé hionad a dtéid. Atáid siad ar na gceannach as meadhón na ndaóineadh, na ccéudthórtha do Dhía agus do Núan.

5. Agus ní fríth cealg na mbéul: óir atáid gan cháidhe a bhfíadhnuisi chathaóire Dé.

6. Agus do chonnairc mé aingeal eile ag eitealluigh a meadhón neimhe, agá raibh soisgéul síorruidhe chum a shoisgéulta don druing áitreabhas an talamh, agus do nuile chineadh, agus threibh, agus theanguidh, agus phubal,

7. Ag rádh do ghúth árd, Bíodh eagla Dé oruibh, agus tuguidh glóir dhó; óir táinic uáir a bhreitheamhnuis: agus déunuigh úmhla don tí do chrúthuigh neamh, agus talamh, agus an fhairrge, agus na tuibruideacha uisge.

Taisbeanadh 14