Taisbeanadh 12:8-13 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

8. Gidheadh ní rugadar buáidh; agus ní fríth a náit ó shin amach ar neamh.

9. Agus do teilgeadh amach an dragún mór, an tseanaithir nimhe, dá ngoirthear an Díabhal agus Sátan, an tí mheallas an domhan uile: do teilgeadh amach é fán dtalamh, agus do teilgeadh amach a aingil maille ris.

10. Agus do chúala mé gúth mór ar neamh, ag rádh, A nois atá slánughadh, agus neart, agus ríoghachd ar Ndéine, agus cumhachda a Chríosdsan: óir do téilgeadh síos fear éilighthe ar ndearbhraithreach, noch do bhí dhá néiliughadh do ló agus doidhche a bhfíadhnuise ar Ndé.

11. Gidheadh rugadar buáidh air tré fhuil a Nuáin, agus tré bhréithir a fhiadhnuise; agus ní raibh suim aca na nanam féin go bás.

12. Uime sin a fhlaitheamhnasa, bíodh gairdeachas oruibh, agus oruibhse a luchd áitreabhas ionnta. As mairg do aitréibhuigh an talamh agus do nfairrge! Óir táinic an díabhal a nsúas chúguibh, lán do chúthach feirge, ar mbeith a fheasa aige gur ab aithghearr a aimsir.

13. Agus an tan do chonnairc an dragún gur teilgeadh síos ar an dtalamh é, do rinne sé gérleanmhuin air an mnaói rug an leanabh mic.

Taisbeanadh 12