Taisbeanadh 12:6-9 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

6. Agus do theith an bheann chum an fhásuigh, mar ar ullmhuigh Día áit dhi, chum a beathuighe ann sin ar feadh mhíle dhá chéud agus thrí fichid lá.

7. Agus do bhí cáth ar neamh: do cháthuigh Michéul agus a aingil ris an dragún; agus do cháthuigh an dragún agus a aingil riusún,

8. Gidheadh ní rugadar buáidh; agus ní fríth a náit ó shin amach ar neamh.

9. Agus do teilgeadh amach an dragún mór, an tseanaithir nimhe, dá ngoirthear an Díabhal agus Sátan, an tí mheallas an domhan uile: do teilgeadh amach é fán dtalamh, agus do teilgeadh amach a aingil maille ris.

Taisbeanadh 12