Taisbeanadh 12:4-8 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

4. Agus do tharruing a earball an treas cuid do réultuibh nimhe, agus do theilg íad chum na talmhan: agus do sheas an dragún a bhfiadhnuisi na mná do bhí ré hadhuigh a toirrcheasa de bhreith, chum a leinbh do shlugadh dhó ar na bhreith.

5. Agus rug sí mac, riaghlóchus na huile chineadhacha ré slait íarruinn: agus do tógbhadh súas a mac chum Dé, agus chum a chathaóireach.

6. Agus do theith an bheann chum an fhásuigh, mar ar ullmhuigh Día áit dhi, chum a beathuighe ann sin ar feadh mhíle dhá chéud agus thrí fichid lá.

7. Agus do bhí cáth ar neamh: do cháthuigh Michéul agus a aingil ris an dragún; agus do cháthuigh an dragún agus a aingil riusún,

8. Gidheadh ní rugadar buáidh; agus ní fríth a náit ó shin amach ar neamh.

Taisbeanadh 12