Taisbeanadh 12:1-9 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Agus do taidhbhreadh cómhartha mór iongantach ar neamh; bean ar na héudughadh ris an ngréin, agus an ghealach fá na cosuibh, agus coróin dhá réult deug air a ceann:

2. Agus ar mbeith dhí torrach do éigh sí, ré tineas leinbh, agus do píanadh í do mhían a teirrcheasa do bhreith.

3. Agus do taidhbhreadh comhartha iongantach eile ar neamh: agus féuch dragún mór rúadh, air a rabhadar seachd gcinn, agus deich nadharca, agus seachd gcorónacha ar a cheannuibh.

4. Agus do tharruing a earball an treas cuid do réultuibh nimhe, agus do theilg íad chum na talmhan: agus do sheas an dragún a bhfiadhnuisi na mná do bhí ré hadhuigh a toirrcheasa de bhreith, chum a leinbh do shlugadh dhó ar na bhreith.

5. Agus rug sí mac, riaghlóchus na huile chineadhacha ré slait íarruinn: agus do tógbhadh súas a mac chum Dé, agus chum a chathaóireach.

6. Agus do theith an bheann chum an fhásuigh, mar ar ullmhuigh Día áit dhi, chum a beathuighe ann sin ar feadh mhíle dhá chéud agus thrí fichid lá.

7. Agus do bhí cáth ar neamh: do cháthuigh Michéul agus a aingil ris an dragún; agus do cháthuigh an dragún agus a aingil riusún,

8. Gidheadh ní rugadar buáidh; agus ní fríth a náit ó shin amach ar neamh.

9. Agus do teilgeadh amach an dragún mór, an tseanaithir nimhe, dá ngoirthear an Díabhal agus Sátan, an tí mheallas an domhan uile: do teilgeadh amach é fán dtalamh, agus do teilgeadh amach a aingil maille ris.

Taisbeanadh 12