Taisbeanadh 10 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

Caibidil X

Tug treun-aingeal ioma raibh neull, leabhar Deóin; bhí milis, ag teachd ar fúascladh na Heagluise as an inmhe shearbh a uáraibh roime.

1. Agus do chonnairc mé aingeal neartmhar eile ag teachd a núas ón neamh, ar na éudughadh do néul: agus an bógha uisge ar a cheánn, agus a aghuidh mar an ngréin, agus a chosa cosmhuil ré colamnuibh teineadh:

2. Agus do bhi leabhrán osguilte aige ann a láimh: agus do chuir sé a chos deas ar muir, agus a chos chlí ar tír,

3. Agus do éigh sé do ghúth árd, amhuil bhéiceas leomhan: agus an tan do éigh se, do labhradar seachd dtóirrnighe a ngothanna.

4. Agus an tan do labhradar na seachd dtóirrnighe a ngothanna, do bhí mé air tí sgriobhadh: achd do chualuidh mé gúth ó neamh ag rádh riom, Cuir séula air na neithibh do labhradar na seachd dtóirrnighe, agus ná sgríobh íad.

5. Agus do thóg an taingeal do chonnairc mé na sheasamh ar muir agus ar tír a lámh suas chum nimhe,

6. Agus tug sé an tí mhaireas go sáoghal na sáoghal, noch do chrúthuigh neamh, agus na neithe atá ann, agus an talamh, agus na neithe atá ann, agus a nfairrge, agus na neithe atá innte, mar mhionnuibh, nach bíadh aimsir ann feasda:

7. Achd a láethibh ghotha an seachdmhadh aingeal, an tan shéidfeas sé a sdoc, biáidh rúindíamhair Dé ar na chriochnúghadh, do réir mar do fhoillsigh sé dhá shearbhfhoghantuighibh féin na fáidhe.

8. Agus do labhair an gúth do chúaluidh mé ó neamh a rís riom, agus a dubhairt, Imthigh romhad glac an leabhrán osguilte úd a laimh a naingil sheasas air muir agus air tír.

9. Agus do imthigh mé chum a naingil, agus a dubhairt mé ris, Tabhair dhamh an leabhrán. Agus a dubhairt seision riom, Glac, agus sluig é; agus do dhéuna sé do bhruinn searbh, achd biáidh sé ad bhéul comhmilis ré mil.

10. Agus do ghlac mé an leabhrán as láimh a naingil, agus do shluig mé é; agus do bhí sé am bhéul comhmilis ré mil: achd an tan do shluig mé é, do rinne sé mo bhruinn searbh.

11. Agus a dubhairt sé ríom, is éigean duit fáidheadóireachd do dhéunamh a rís a bhfíadhnuise a niomad phuibleacha, agus chineadhacha, agus theangtha, agus mhoráin ríghteadh.