Taisbeanadh 1:16-20 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

16. Agus do bhí aige na láimh dheis seachd réulta: agus cloidheamh géur dhá fháobhar ag teachd amach as a bhéul: agus a ghnúis amhuil dheallruigheas an ghrían ann a láinneart.

17. Agus an tan do chonnairc mé é, do thuit mé síos agá chosuibh a riochd mhairbh. Agus do chuir seision a lámh dheas oram, ag rádh riom, Ná bíodh eagla ort; as míse an céidneach agus an neach deigheanach:

18. Agus an tí atá beó, gidh go raibh mé marbh; agus, féuch, atáim beo go sáoghal na sáoghal, Amén; agus atáid eochracha ifrinn agus an bháis agam.

19. Sgríobh na neithe do chonnairc tú, agus na neithe atá ann, agus na neithe thiucfus na dhiáigh so;

20. Rúindiamhair na seachd réult do chonnairc tú am láimh dheis, agus na seachd gcoinnleóir órrgha. A síad na seachd réulta seachd naingil na neaglúisidhibh: agus na seachd gcoinnleóir do chonnairc tú a síad na seachd neagluiseadha íad.

Taisbeanadh 1