Taisbeanadh 1:14-18 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

14. Agus do bhí a cheann agus a ghrúag cóimhgheal mar oluinn, nó sneachda; agus a shúile cosmhuile re lasair theineadh;

15. Agus bá cosmhuil a chosa ré fionnbhruine, amhuil ar na ndeargadh a nuáimh théineadh; agus bá cosmhuil a ghúth ré fuáim mhoráin duisgidhibh.

16. Agus do bhí aige na láimh dheis seachd réulta: agus cloidheamh géur dhá fháobhar ag teachd amach as a bhéul: agus a ghnúis amhuil dheallruigheas an ghrían ann a láinneart.

17. Agus an tan do chonnairc mé é, do thuit mé síos agá chosuibh a riochd mhairbh. Agus do chuir seision a lámh dheas oram, ag rádh riom, Ná bíodh eagla ort; as míse an céidneach agus an neach deigheanach:

18. Agus an tí atá beó, gidh go raibh mé marbh; agus, féuch, atáim beo go sáoghal na sáoghal, Amén; agus atáid eochracha ifrinn agus an bháis agam.

Taisbeanadh 1