Taisbeanadh 1:10-16 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

10. Agus do coimhéignigheadh mé ris an Spioruid a ló an Tighearna, agus do chúaluidh mé don táobh shíar dhíom gúth mór mar fhuáim sduic,

11. Ag rádh, As mise Alpha agus Oméga, an céidneach agus a neach deígheanach: agus, Sgríobhsa a leabhar, an ní do chí tu, agus cuir uáit é chum na seachd neagluisidhibh atá sa Násia; chum Ephesuis, agus chum Smirna, agus chum Pergamuis, agus chum Tiatíra, agus chum Sardis, agus chum Philadelphía, agus chum Laodicea.

12. Agus do iompoigh mé ar mo chúl chum an ghótha do labhair riom dfaicsin. Agus ar niompógh dhamh, do chonnairc mé seachd gcoinnleóirigh órrgha;

13. Agus a meadhón na seachd gcoinnleóir sin neach bá cosmhuil ré Mac an duine, noch fá raibh éudach ráinic síos go a sháluibh, agus crios órrgha thairis a dtimchioll a chíoch.

14. Agus do bhí a cheann agus a ghrúag cóimhgheal mar oluinn, nó sneachda; agus a shúile cosmhuile re lasair theineadh;

15. Agus bá cosmhuil a chosa ré fionnbhruine, amhuil ar na ndeargadh a nuáimh théineadh; agus bá cosmhuil a ghúth ré fuáim mhoráin duisgidhibh.

16. Agus do bhí aige na láimh dheis seachd réulta: agus cloidheamh géur dhá fháobhar ag teachd amach as a bhéul: agus a ghnúis amhuil dheallruigheas an ghrían ann a láinneart.

Taisbeanadh 1