1. Taisbeunadh Iósa Críosd, noch tug Día dhó, chum na neitheann is éigean do bheith ann go lúath dfoillsiughadh dhá shearbhfhoghantuighibh; agus ar gcur theachdaireachda úadh ré na aingeal dó do thaisbéin sé dá shearbhfhoghantuighe Eóin:
2. An tí do rinne fíadhnuise do bhréithir Dé, agus dfíadhnuise Iósa Críosd, agus dá gach ní dhá bhfacuidh sé.
3. As beannuighe an tí léigheas, agus an dream éisdeas bríathra na fáidheadóireachd so, agus choimhéudus na neithe atá sgríobhtha innte: óir atá a naimsir a láthair.
4. Eoin chum na seachd neagluíseadh atá sa Násia: Grása maille ribh, agus síothcháin, ón tí áta, agus do bhí agus bhías; agus ó na seachd Spioraduibh noch atá a bhfíadhnuise a árdchatháoiresion;
5. Agus ó Iósa Críosd, an fhíadhnuisí fhíre, an chéidghin ó mharbhuibh, agus prionnsa ós ríoghuibh na talmhan. An tí do ghrádhuigh sinn, agus do ionnail sinn ór bpeacadhuibh ré na fhuil féin,
6. Agus do rinne dhínn ríghthe agus sagairt do Dhía agus dá Athair; glóir agus cúmhachda dhósan go sáoghal na sáoghal. Amén.